[00:07.84]Tá bean in Éirinn a phronnfadh séad domh is mo sháith le n-ól[00:27.72]Is tá bean in Éirinn is ba bhinne léithe mo ráfla ceoil[00:38.81]Ná seinm théad; atá bean in Éirinn is níorbh fhearr léi beo[00:56.18]Mise ag léimnigh nó leagtha i gcré is mo thárr faoi fhód[01:15.02]Tá bean in Éirinn a bheadh ag éad liom mur' bhfaighfinn ach póg[01:33.86]Ó bhean ar aonach, nach ait an scéala, is mo dháimh féin leo;[01:49.18]Tá bean ab fhearr liom nó cath is céad dhíobh nach bhfagham go deo[02:01.85]Is tá cailín spéiriúil ag fear gan Bhéarla, dubhghránna cróin.[02:10.72]Tá bean a déarfadh dá siulfainn léi go bhfaighinn an t-ór,[02:37.34]Is tá bean 'na léine is is fearr a méin ná na táinte bó[02:52.87]Le bean a bhuairfeadh Baile an Mhaoir is clár Thír Eoghain,[03:04.83]Is ní fheicim leigheas ar mo ghalar féin ach scaird a dh'ól[03:25.90]